← Bhí a choinsias ag cur isteach chomh mór sin air is nach raibh pléisiúr dá laghad aige san oilithreacht sheachtainiúil go tobar Bhacais lena chomrádaithe. 🔊✎
← Gan fiú a chairde féin nach dtug "fear ólta sú" air a mhéad is a chloígh sé leis an mheasarthacht i ngnoithe ólacháin. 🔊✎
← Tháinig an gaffer air le casaoid chrua fán dóigh a raibh sé ag leagan na mbrící. 🔊✎
← B'éigean do Jimmy tarrtháil a thabhairt air agus geallstan don gaffer go gcoinneodh sé ag gabháil mar ba cheart é. 🔊✎
← Amuigh ar an tsráid, agus ceo na Samhna thart air, ní raibh in Jimmy ach duine gan ainm. 🔊✎
← Caillte ina smaointe féin, ní raibh a fhios ag Jimmy cad é abhí ag gabháil ar aghaidh thart air. 🔊✎